Cross Border Digital Creativity Project 2 CBDCP2/Truck Project
Thosaigh Tréimhse 2 den Tionscnamh Cruthaitheacht Digiteach Trasteorann CBDCP2 i mí Meán Fómhair 2007 agus tá maoiniú déanta air seo ag Rannóg Oideachais Múinteoirí na Roinne Oideachais agus Eolaíochta sa deisceart agus ag NEELB agus an Roinn Oideachais sa tuaisceart. Is toradh é seo ar chomhfhiontar idir Bord Leabharlainne Oideachais an Oirthuaisceart agus Ionad Oideachais Mhuineachán. Is é atá mar phríomhchuspóir leis an tionscnamh nuálach seo ná ionad meáin-bhunaithe a sholáthar d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach an uile mhúinteora.
Rinne an tSeirbhís Comhairleoireachta agus Tacaíochta Curaclaim ón NEELB sa tuaisceart agus an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil don Bhunscoile sa deisceart na cláir a fhorbairt do mhúinteoirí. Áirítear orthu díospóireachtaí stiúdió léirithe trí phíosaí scannáin den teagasc ranga agus d’fhorbairt na bpríomhthéamaí a bhaineann le scoileanna faoi láthair. Bhíothas ábalta an léiriú seo a sholáthar ag baint úsáide as acmhainní an "Trucail", ionad soghluaiste an NEELB don Tionscnamh Cruthaitheacht Digiteach. Is feídir teacht ar na cláir trí ghliogáil ar na naisc thíos.
{js}function MM_openBrWindow(theURL,winName,features) { //v2.0 window.open(theURL,winName,features); }{/js} {htmlfile}videoclips.html{/htmlfile}